Sainchúram Reachtúil
Is iad seo a leanas feidhmeanna reachtúla an Bhoird:
1a) plean eisíocaíochta airgid faoi chuid 6 d'Acht 2005, a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire, de réir alt 42
b) athbhreithniú agus measúnú a dhéanamh ó am go ham:
(i) ar cé mar a chomhlíontar na cuspóirí atá sonraithe sa phlean,
(ii) ar éifeachtúlacht na straitéisí atá sonraithe sa Phlean, agus
(iii) ar phatrún agus ar thionchar na n-eisíocaíochtaí faoi Chuid 6 d'Acht 2005, lena n-áirítear a fháil amach ar tharla gníomhaíochtaí nach mbeadh tarlaithe d'uireasa na n-eisíocaíochtaí sin, agus
c) tuarascálacha a chur faoi bhráid an Aire faoi alt 45(3) d'Acht 2005