Tosaochtaí de Réir Limstéir & Straitéis chun Cuspóir a bhaint amach
Chinn an Bord, ag féachaint dá shainchúram rachtúil, gur cheart eisíocaochtaí as an gCiste a dhíríú ar thionscadail nó ar chláir atá saincheaptha chun cabhrú le haon cheann de na trí chatagóir leathana seo a leandas de dhaoine
Iad siúd a bhíonn faoi mhihuntaiste eacnamíoch agus sóisialta;
Iad siúd a mbaineann míbhuntaiste oideachais leo
Daoine faoi mhíchumas.
Leithdhálfar sprioc de 40% den mhaoiniú iomlán bliantúil ar an réimse a bhaineann le míbhuntáiste eacnamíoch agus sóisialta agus leithdhálfar ar a laghad 25% ar gach ceann den dá chatagaóir eile ? míbhuntáiste oideachais agus daoine faoi mhíchumas.
Déanfaidh an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta,an Roinn Oideachais agus Eolaíochta agus an Roinn Sláinte agus Leanaí, faoi seach, na catagóir tosaíochta seo a riar.
Deanann Pobal, cuideachta sheachbhrabúsach a bhfuil stádas carthanais aige agus a bhainistíonn cláir ar mhaithe le Rialtas na hÉireann agus an Aontas Eorpach, riaradh ar Scéimeanna Maoinithe na gCuntas Dhíomhaoin. Tá tuilleadh eolais maidir leis na scéimeanna seo ar fáil ar http://www.pobal.ie/. Ta roinnt scéimeanna atá maoinithe ón gCuntas Díomhaoin maidir le Míbhuntáiste Oideachais á riaradh go díreach ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta.