Príobháideacht

Urramaíonn Bord um Chuntas Dhíomhaoine cearta a úsáideoirí agus ní dhéanann sé, mar riail ghinearálta, faisnéis phearsanta d'aon chineál a bhailiú. Sa chás go dtabharfaidh úsáideoir faisnéis phearsanta de thoil dheona i gceistneoir nó i suirbhé úsáidfear na sonraí le haghaidh taighde nó anailíse agus chuige sin amháin.

 I gcás brabhsála ginearálta, ní nochtar aon fhaisnéis phearsanta dúinn, cé go bhfuil eolas áirithe de chineál staitistiúil ar fáil dúinn trínár soláthróir seirbhíse idirlín. D'fhéadfadh sé gurb é a bheadh san eolas sin: Seoladh loighiciúil an fhreastalaí a bhíonn in úsáid agat,An t-ainm fearainn barrleibhéil óna bhfaigheann tú rochtain ar an Idirlíon (mar shampla, .ie, .com, .org &rl). An cineál brabhsálaí atá in úsáid agat, An dáta agus an t-am a théann tú isteach inár láithreán. An seoladh Idirlín a úsáidtear chun nascadh lenár láithreán

Úsáidtear roinnt den fhaisnéis thuas chun staitisticí achoimre a chruthú ar staitisticí iad a ligean dúinn an líon cuairteoirí chuig an láithreán a mheas, na leathanaigh is minice a dtugtar cuairt orthu a aithint agus, i gcoitinne, cabhair a fháil i dtaca leis an láithreán a dhéanamh níos cairdiúla don úsáideoir.