Reachtaíocht

Chun teacht ar an Acht um Chuntais Dhíomhaoine (Leasú) 2005

Is i Meán Fómhair 2005 a tháinig Acht um Chuntais Dhíomhaoine (Leasú) 2005 i bhfeidhm. Soláthraíonn an reachtaíocht leasaithe seo do phróiséis nua ina bhfuil an Rialtas freagrach as cinntí maidir le heisíocaíochtaí ón gCiste agus do bhunú Bord nua ar a dtabharfar Bord na gCuntas Díomhaoine. Seasann cuspoirí an sceime mar a bhí agus leantar le eisíoc a dhéanamh de réir an chreatlach cuspóirí agus tosaíochtaí atá leagtha amach sa Phlean Eisíocaíochta atá ullmhaithe ag an Bord, agus faomhtha ag an Rialtas.

Féach ar an Acht um Chuntais Dhíomhaoin 2001

Déanann an tAcht seo socrú i dtaobh aistriú airgid ó chuntais dhíomhaoine agus ó chuntas taisce chiste na n-eastát díthiomnacha chuig ciste na gcuntas díomhaoin. Tíolacann sé feidhmeanna ar Ghníomaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta maidir le stiúradh agus bainistiú an chiste chun socrú a dhéanamh le haghaidh airgid a eisíoc, ar a n-áirítear aiséilimh. Bhunaigh sé Bord Eisíocaíochta Chiste na gCuntas Díomhaoin agus sainmhíníonn sé a chuid feidhmeanna agus socraíonn sé i dtaobh cigirí a cheapadh. Leasaíonn sé an tAcht um Maoin an Stáit 1954 agus déanann sé socrú i dtaobh nithe gaolmhara eile.

Féach ar an Acht um Polasaithe Árachais Saoil Neamhéilithe 2003

Déanann an tAcht seo socrú i dtaobh aistriú airgid atá iníoctha faoi pholasaithe árachais saoil neamhéilithe chuig Ciste na gCuntas Díomhaoin, a bunaíodh faoin Acht um Chuntais Dhíomhaoine 2001. Socraíonn sé i dtaobh airgid a íoc ón gciste agus i dtaobh cigirí a cheapadh. Socraíonn sé freisin i dtaobh an Achta um Chuntais Dhíomhaoine 2001a leasú agus a leathnú agus i dtaobh nithe gaolmhara eile.